Feabhas | Deiseanna | Tionchar
Brollach an Uachtaráin
Is í an straitéis seo ár gcuireadh duit idirchaidreamh a dhéanamh le hOllscoil Mhá Nuad le todhchaí níos fearr do chách a shamhlú agus a chruthú.
Teastaíonn plean a bhfuil solúbthacht agus inoiriúnaitheacht greanta go docht ann ar mhaithe le plean straitéiseach a fhorbairt i gcomhthéacs domhan atá ag athrú ar luas gan choinne.
Ár
Luachanna
Sainmhíníonn luachanna Ollscoil Mhá Nuad cé muid féin, cad a chreidimid ann agus conas a fheidhmímid mar phobal.
Sracfhéachaint ar an bPlean Straitéiseach
Ár bhFócas Cúig Bliana
Ár bPríomháisitheoirí
Príomhspriocanna Cúig Bliana
1.
Táirgeachtaí agus tionchair thaighde a fheabhsú ar fud na hOllscoile agus OMN a shuíomh i measc na gceannairí domhanda inár n-eiseamláirí roghnaithe feabhais thaighde
2.
A chinntiú go bhfuil eispéireas saibhrithe solúbtha oideachais ag gach mac léinn agus go mbaineann siad a gcéim amach agus scileanna acu atá dírithe ar an todhchaí
3.
Samhail nuálach a chruthú maidir le seirbhísí tacaíochta comhtháite do mhic léinn ag a bhfuil ‘Ionad Ilfhreastail’ fi siciúil agus digiteach
4.
Acadamh Taighde Céimithe a bhunú chun tacú le borradh suntasach ar líon na mac léinn taighde agus chun timpeallacht thacúil a chruthú do mhic léinn taighde
5.
Borradh suntasach agus inbhuanaithe a chumasú i measc líon na mac léinn idirnáisiúnta agus iarchéime, agus cur lenár bportfóilió láidir fochéime le borradh measartha ar líon na bhfochéimithe intíre a bhaint amach
6.
Scoil Sláinte agus Leighis a bhunú chun tacú le samhlacha nua d’fhorbairt an lucht saothair sláinte
7.
‘Doras tosaigh’ soiléir a bhunú do rannpháirtíocht sheachtrach chun comhpháirtíocht le alumni, oibrithe deonacha, fi ontair, tionsclaíocht, an rialtas agus an pobal a éascú
8.
Cur chuige straitéiseach a fhorbairt i leith an idirnáisiúnaithe, le díriú ar shoghluaisteacht agus ar rannpháirtíocht foirne agus mac léinn, ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt agus ar earcaíocht mac léinn
9.
Infheistiú i gcur chuige atá faoi stiúir inbhuanaitheachta i leith shaol an champais, bonneagair, saoráidí, próisis shimplithe le cuidiú teicneolaíochta agus acmhainn mhéadaithe sonraí a fhorbairt
10.
Ár gcumas infheistithe ar scála a fheabhsú trí shruthanna ioncaim a éagsúlú, cúlchistí a chruthú, agus iasachtaí agus saoráidí airgeadais a ghiaráil
Tréimhse Deich mBliana
1.
Cáil a bheith orainn mar ollscoil Feabhais, Deiseanna agus Tionchair na hÉireann
2.
A bheith ina hollscoil chathartha le tionchar dearfach ar ár gceantar áitiúil agus ar ár réigiún
3.
A bheith ar cheann de na trí ollscoil phobail is fearr in Éirinn sa rangú domhanda ollscoileanna
4.
Cáil a bheith orainn i ngeall ar chultúr tacúil agus dinimiciúil taighde a chothaíonn feabhas le linn treochta ghairme taighde uile an duine
5.
Cáil a bheith orainn i ngeall ar dheiseanna oideachais solúbtha a sholáthar a thacaíonn le foghlaim ar feadh an tsaoil agus le forbairt scileanna
6.
Cáil a bheith orainn i ngeall ar eispéireas spreagúil agus tacúil na mac léinn, rátaí arda sásaimh, agus i ngeall ar ár gcéimithe cruthaitheacha agus ard-infhostaithe
7.
Ardleibhéil de rannpháirtíocht agus de shásamh foirne a bhaint amach
8.
Cáil a bheith orainn mar ollscoil le líonraí láidre idirnáisiúnta ag a bhfuil eagsúlacht foirne agus mac léinn
9.
Timpeallacht bheoga agus inbhuanaithe champais a bheith ann ina bhfuil foghlaim agus oibriú comhtháite le cuidiú teicneolaíochta
10.
Scoil Sláinte agus Leighis nuálach a bhfuil ardmheas uirthi a bheith ann
Ailíniú le Comhthéacsanna Beartais Náisiúnta agus Eorpacha
I gcaitheamh an phlean straitéisigh, cuirfidh Ollscoil Mhá Nuad le cuspóirí beartais náisiúnta na hÉireann a bhaint amach. Mar institiúid diantaighde le dearcadh domhanda, tiocfaidh ár spriocanna agus ár dtionscnaimh le beartais agus straitéisí Eorpacha agus bímid airdeallach ar threochtaí agus ar thionchair dhomhanda.