Príomhspriocanna Cúig Bliana
Is iad na cuspóirí atá againn ná:
1
Táirgeachtaí agus tionchair thaighde a fheabhsú ar fud na hOllscoile agus OMN a shuíomh i measc na gceannairí domhanda inár n-eiseamláirí roghnaithe feabhais thaighde
2
A chinntiú go bhfuil eispéireas saibhrithe solúbtha oideachais ag gach mac léinn agus go mbaineann siad a gcéim amach agus scileanna acu atá dírithe ar an todhchaí
3
Samhail nuálach a chruthú maidir le seirbhísí tacaíochta comhtháite do mhic léinn ag a bhfuil ‘Ionad Ilfhreastail’ fi siciúil agus digiteach
4
Acadamh Taighde Céimithe a bhunú chun tacú le borradh suntasach ar líon na mac léinn taighde agus chun timpeallacht thacúil a chruthú do mhic léinn taighde
5
Borradh suntasach agus inbhuanaithe a chumasú i measc líon na mac léinn idirnáisiúnta agus iarchéime, agus cur lenár bportfóilió láidir fochéime le borradh measartha ar líon na bhfochéimithe intíre a bhaint amach
6
Scoil Sláinte agus Leighis a bhunú chun tacú le samhlacha nua d’fhorbairt an lucht saothair sláinte
7
‘Doras tosaigh’ soiléir a bhunú do rannpháirtíocht sheachtrach chun comhpháirtíocht le alumni, oibrithe deonacha, fi ontair, tionsclaíocht, an rialtas agus an pobal a éascú
8
Cur chuige straitéiseach a fhorbairt i leith an idirnáisiúnaithe, le díriú ar shoghluaisteacht agus ar rannpháirtíocht foirne agus mac léinn, ar chomhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt agus ar earcaíocht mac léinn
9
Infheistiú i gcur chuige atá faoi stiúir inbhuanaitheachta i leith shaol an champais, bonneagair, saoráidí, próisis shimplithe le cuidiú teicneolaíochta agus acmhainn mhéadaithe sonraí a fhorbairt
10
Ár gcumas infheistithe ar scála a fheabhsú trí shruthanna ioncaim a éagsúlú, cúlchistí a chruthú, agus iasachtaí agus saoráidí airgeadais a ghiaráil