Ailíniú le Comhthéacsanna Beartais Náisiúnta agus Eorpacha

I gcaitheamh an phlean straitéisigh, cuirfidh Ollscoil Mhá Nuad le cuspóirí beartais náisiúnta na hÉireann a bhaint amach. Mar institiúid diantaighde le dearcadh domhanda, tiocfaidh ár spriocanna agus ár dtionscnaimh le beartais agus straitéisí Eorpacha agus bímid airdeallach ar threochtaí agus ar thionchair dhomhanda.

Lena chinntiú go n-éiríonn linn ár bplean straitéiseach a chur i bhfeidhm, déanfaidh Ollscoil Mhá Nuad idirchaidreamh leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

side-image

I gcaitheamh fhorbairt ár dtosaíochtaí straitéiseacha, rinneamar breithniú ar bheartais agus cuspóirí náisiúnta, Impact 2030, Plean Gníomhaíochta Náisiúnta do Thaighde Oscailte, an Plean Forbartha Náisiúnta 2030, Clár an Rialtais, An Todhchaí a Chistiú (2022), Córas Treasach Aontaithe (2022), an Plean Rochtana Náisiúnta 2022-2028, Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022, Litearthacht d’Aosaigh don Saol, Plean Gníomhaíochta do Phrintíseachtaí, agus BOO Amach Anseo: an Fhoghlaim a Chlaochlú agus an Bille Taighde agus Nuálaíochta agus an Straitéis Oideachais Idirnáisiúnta a bheidh ag teacht aníos. Chuir beartais Eorpacha eolas ar fáil d’fhorbairt an phlean seo freisin: Limistéar Eorpach an Ardoideachais agus Limistéar Eorpach an Oideachais atá ag teacht chun cinn, an Limistéar Eorpach Taighde (ERA), Fís Eorpach agus ERASMUS+.

Lena chinntiú go n-éiríonn linn ár bplean straitéiseach a chur i bhfeidhm, déanfaidh Ollscoil Mhá Nuad idirchaidreamh leis na páirtithe leasmhara ábhartha, amhail comhlachais Ollscoile náisiúnta agus Eorpacha, gníomhaireachtaí cistithe, agus an lucht déanta beartas, chun eolas a chur ar fáil do agus tionchar a imirt ar bheartas agus ár bplean a ailíniú le cuspóirí beartais níos fairsinge náisiúnta agus Eorpacha.

Cuirfidh cuspóirí straitéiseacha Ollscoil Mhá Nuad le cuspóirí beartais náisiúnta a bhaint amach ar roinnt bealaí.

Feabhsóimid cumas taighde agus nuálaíochta na hÉireann trí infheistíocht i dtaighde a mhéadú agus trí chomhoibriú leis an tionscal agus an rialtas a fheabhsú, ar aon dul le spriocanna Impact 2030. Cuirfimid teacht oscailte ar shonraí agus ar fhoilseacháin taighde chun cinn le tionchar ár gcuid taighde a mhéadú agus comhoibriú a chur chun cinn i measc disciplíní, ar aon dul leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta do Thaighde Oscailte.

Tacóimid le tionscnaimh Oileáin Roinnte, freagróimid do Straitéis Scileanna Éireann an ECFE: Measúnú agus Moltaí, agus feabhsóimid ár mbonneagar trí iasachtaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta (EIB), ar aon dul le straitéis infheistíochta fadtéarmaí an rialtais mar a dtugtar cuntas uirthi sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2030.

Oibreoimid chun barr feabhais a chur ar cháilíocht agus ar sheasamh idirnáisiúnta ár nOllscoile, freagróimid do riachtanais scileanna na hearnála poiblí, agus neartóimid ár gcomhoibriú le hollscoileanna, ollscoileanna teicneolaíochta, agus soláthraithe breisoideachais, i gcomhréir le tosaíochtaí Chlár an Rialtais, An Todhchaí a Chistiú, agus Córas Treasach Aontaithe.

Leanfaimid le tionscnamh nua a fhorbairt chun rochtain ar ardoideachas a leathnú, na gairmeacha san áireamh, ar aon dul leis an bPlean Rochtana Náisiúnta, 2022-2028. Feabhsóimid ár gcleachtais rialachais agus chistithe, agus déanfaimid iad a ailíniú le prionsabail na trédhearcachta agus na cuntasachta a dtugtar cuntas orthu in Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 2022.

I gcomhoibriú lenár bpáirtithe leasmhara ar fud an phobail, an ghnó agus an oideachais, tacóimid le spriocanna Litearthacht d’Aosaigh don Saol, an Phlean Gníomhaíochta do Phrintíseachtaí (2021-2025) agus BOO Amach Anseo: an Fhoghlaim a Chlaochlú.

Déantar an breithniú cuí freisin i bplean straitéiseach Ollscoil Mhá Nuad ar bheartais agus ar thosaíochtaí Eorpacha.

Cuirfimid taighde, comhoibriú agus comhpháirtíochtaí oscailte chun cinn le hinstitiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa agus tíortha comhoibritheacha comhpháirtí i gcomhréir le cuspóirí an Limistéir Eorpaigh Ardoideachais (EHEA), an Limistéir Eorpaigh Oideachais (EEA), agus an Limistéir Eorpaigh Taighde (ERA).

Cinnteoimid ailíniú cuí idir fócas eiseamláirí taighde na hOllscoile agus na tosaíochtaí cistithe faoi Fhís Eorpach. Déanfaimid deiseanna soghluaisteachta don fhoireann agus do mhic léinn faoi ERASMUS+ a spreagadh, a fhairsingiú agus tacaíocht a thabhairt dóibh.