Ár bhFís, Ár gCuspóir, Ár Luachanna

Ár bhFís

Bheith mar ollscoil feabhais, deiseanna agus tionchair.

Cuireann ár bhfís le breis agus dhá chéad bliain d’fheabhas acadúil; lenár dtiomantas do chomhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht san ardoideachas agus ár n-éachtaí ann; agus lenár sainordú sochaíoch ar mhaithe le leas an phobail mar ollscoil chathartha a bhfuil tionchar suntasach áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta aici.

Ollscoil sinn a chuireann go mór le sochaí níos fearr a chruthú: ollscoil feabhais, deiseanna agus tionchair.

Gné shainiúil dínn féin é lámh a bheith againn i ngach ceann de na trí ghné seo – feabhas acadúil agus gairmiúil; deiseanna a athraíonn saol daoine a sholáthar do chách ar féidir leo tairbhe a bhaint as an ardoideachas; agus tionchar dearfach ar an tsochaí a chruthú trínár gcuid mac léinn, trínár gcuid taighde agus trí phobail inbhuanaithe a chruthú.

Ár gCuspóir

Todhchaí níos fearr do chách a shamhlú agus a chruthú.

Creidimid i neart ár nOllscoile agus a cuid daoine le todhchaí níos fearr do chách a shamhlú agus a chruthú. Samhlaímid sinn féin mar spreagadh don chruthaitheacht, don tsamhlaíocht, don smaointeoireacht chriticiúil, don dúshlán cuiditheach agus don chumasú saoránach.

Cothaímid idirphlé leis an tsochaí chun ceisteanna tábhachtacha a chur agus a iniúchadh le fi osracht, saineolas agus meon neamhspleách.

Samhlaímid agus cruthaímid todhchaí níos fearr do chách gan idirdhealú, gan bhreithiúnas agus gan chlaonadh. Leanaimid de bheith tiomanta do cheartas sóisialta agus do thodhchaí inbhuanaithe a fhorbairt dár bpláinéad agus dá mhuintir.

Brúimid teorainneacha na heolaíochta, na samhlaíochta agus an aigne dhaonna chun todhchaí níos fearr a chruthú do na glúnta atá le teacht.

Cuirimid oideachas ar ár gcuid mac léinn le bheith ina saoránaigh dhomhanda agus mar an chéad ghlúin eile de cheannairí agus déantóirí athraithe, atá tiomanta do thionchar dearfach a imirt ar ár dtodhchaí.

Ollscoil chathartha sinn, a théann i ngleic le dúshláin atá roimh phobail réigiúnacha, náisiúnta agus dhomhanda, a chruthaíonn rath inbhuanaithe geilleagrach agus a chuireann comhtháthú sóisialta chun cinn trí oideachas ar ardchaighdeán agus trí thaighde den chéad scoth.

Samhlaímid sinn féin mar institiúid atá ina crann taca sa tsochaí, a sholáthraíonn cobhsaíocht mar lárionad eolais, saineolais agus léargais chriticiúil i aimsir na héiginnteachta agus na mífhaisnéise.

Táimid ar bís faoi chumhacht ár gcuspóra chun saolta, pobail agus ár bpláinéad a athrú ó bhonn chun feabhais.

Ár Luachanna

Sainmhíníonn luachanna Ollscoil Mhá Nuad cé muid féin, cad a chreidimid ann agus conas a fheidhmímid mar phobal.

Is iad ár luachanna a chuirfi dh an rath orainn amach anseo. Treoraíonn siad ár n-ionchais uainn féin agus óna chéile, agus socraíonn siad creat dár n-iompraíocht agus conas a thugaimid faoinár gcuid oibre.

Baineann ár luachanna le gach duine i bpobal na hOllscoile.

Ionracas

Gníomhaímid le hionracas ar mhaithe le sárleas ár nOllscoile.

Coláisteacht

Pobal coláisteach sinn a bhfuil cuspóir comhroinnte againn a dtugaimid faoi le hionbhá, meas agus éiteas cúraim.

Freagracht

Pobal sinn a bhfuil ar ár gcumas againn gníomhú agus freagracht a ghlacadh as ár ngníomhartha aonair agus as ár
gcomhghníomhartha i dtimpeallacht oscailte agus thrédhearcach.

Saoirse Tuairimíochta

Fiosraímid agus nochtaimid smaointe gan srian, le cúirtéis agus le freagracht.

Uaillmhian

Tá meon uaillmhianach, solúbtha agus nuálach againn nuair a lorgaítear deiseanna agus nuair a bhítear ag dul i
ngleic le dúshláin.