Ár bhFócas Cúig Bliana

Taighde agus Tionchar

Déanfaidh Ollscoil Mhá Nuad í féin a shuíomh mar cheannaire aitheanta ar fud an domhain maidir le feabhas taighde. Bainfimid seo amach trí bheith soiléir faoinár bhfócas taighde, ár dtaighde reatha a ghiaráil agus limistéir nua shaineolais a fhorbairt a bhaineann le dul i ngleic le dúshláin chomhaimseartha agus iad siúd atá le teacht.

side-image

Cuirfimid ar chumas ár bpobal taighde todhchaí níos fearr a shamhlú agus a chruthú do chách.

Cothóimid forbairt eolais agus smaointe nua thar gach disciplín agus tacóimid le cleachtais scoláireachta oscailte a fhorbairt. Déanfaimid infheistiú i ndaoine, i gcórais agus i mbonneagar chun tacú le taighde. Beimid ceanndána nuair atá éachtaí ár gcuid taighde á gcur chun cinn againn. Glacfaimid cur chuige struchtúrach i leith feabhas agus tionchar a ghabháil. Cuirfimid ar chumas ár bpobal taighde todhchaí níos fearr a shamhlú agus a chruthú do chách.

Cur le agus tacú lenár bhfeabhas agus lenár gcumas taighde

Cuirfimid lenár stair fhada de shármhaitheas taighde thar raon leathan disciplíní, agus cothóimid forbairt cleachtais eolais agus taighde oscailte. Cumasóimid machnamh ar smaointe agus ar úsáid na samhlaíochta le léargas nua a fhorbairt, agus muid ag féachaint chun cinn ar bhealach cruthaitheach agus nuálach.

Lenár spriocanna taighde a bhaint amach, aithnímid an tábhacht a bhaineann le bheith ina rogha ollscoile do mhic léinn, don fhoireann agus do chomhpháirtithe. Forbróimid timpeallacht dhinimiciúil agus thacúil taighde le comhoibriú agus torthaí ar ardchaighdeán a chothú. Feabhsóimid ár bhfócas idirnáisiúnta trí chomhpháirtíochtaí agus líonraí. Bunóimid Clár Comhoibrithe Idirnáisiúnta Céimiúil nua chun cur lenár gcáil maidir le sármhaitheas agus tionchar.

Déanfaimid infheistiú i bhfoireann agus mic léinn shármhaithe ó chúlraí éagsúla a shainaithint, a mhealladh, a fhorbairt agus a choimeád. Glacfaimid le cur chuige ionchuimsitheach atá bunaithe ar shonraí i leith earcaíocht agus forbairt tallainne ó mhac léinn PhD go hOllamh. Forbróimid ár bhfoireann taighde ag gach céim gairme leis an tacaíocht chuí, agus cuirfimid deiseanna ar fáil dóibh, forbairt ceannaireachta, saoire thaighde agus soghluaisteacht dhomhanda san áireamh.

Forbróimid ár gceannairí reatha agus an chéad ghlúin eile de cheannairí chun taighde disciplíneach, idirdhisciplíneach agus rannpháirtíoch a chur chun cinn chun tacú lenár spriocanna.

side-image
side-image

Díriú ar ‘Eiseamláirí’ feabhais thaighde

Bainfimid méid criticiúil de shármhaitheas taighde amach i limistéir shainithe thaighde, agus déanfaimid éiteas an taighde a chothú i gcomhthráth mar shaothar fairsing, comhoibritheach agus ionchuimsitheach. Díreoimid ár n-infheistíocht ar na limistéir shainithe thaighde seo, ar thaighde idirdhisciplíneach agus ar ailíniú le cistí straitéiseacha. Beidh ár n-eiseamláirí taighde idirdhisciplínigh dírithe ar:

  • Sonraí agus Claochlú Digiteach
  • Sláinte agus Folláine
  • Oidhreacht, Cultúr agus Teanga
  • An tSochaí agus Beartas Poiblí
  • Inbhuanaitheacht agus Athrú Aeráide.

Forbróimid acmhainn agus feidhmíocht bhreise i dtaighde ardchaighdeáin agus neartóimid comhpháirtíochtaí seachtracha. Ailíneoimid ár n-eiseamláirí taighde le tosaíochtaí cistithe náisiúnta agus Eorpacha lena chinntiú go bhfuilimid ar thús cadhnaíochta maidir le nuálaíocht a threorú agus timpeallacht inbhuanaithe taighde a bhaint amach. Cuirfimid leis na struchtúir láidre thaighde atá ann faoi láthair lenár n-acmhainn a fhairsingiú chun tacú le feabhas taighde. Baileoimid móiminteam breise idirdhisciplíneach trí Institiúidí na Todhchaí a bhunú atá dírithe ar shonraí agus claochlú digiteach, sláinte agus folláine, agus inbhuanaitheacht agus athrú aeráide. Aithneofar sinn i ngeall ar fheabhas agus thionchar ár gcuid taighde trí phointí cóimheasa agus trí tháscairí náisiúnta agus idirnáisiúnta foráis agus gradaim a úsáid.

Tacú lenár mic léinn taighde agus lenár dtaighdeoirí luathghairme

Is ionann infheistiú i dtodhchaí an taighde agus infheistiú sa chéad ghlúin eile de thallann taighde. Díreoimid ar fhás suntasach ar líon na mac léinn taighde a bhaint amach trí thimpeallacht bheoga agus thacúil a chruthú agus trí scoláireachtaí níos fearr a sholáthar. Cuirfimid deiseanna ar fáil do mhic léinn taighde agus do thaighdeoirí luathghairme chun dul i ngleic leis na pobail acadúla, cleachtóirí agus gairmiúla ar mhaithe le forbairt phearsanta agus ghairmiúil.

Bunóimid Acadamh Taighde Céimithe le pobal tacúil a sholáthar dár mic léinn agus dár dtaighdeoirí luathghairme. Cuirfimid oiliúint ar fáil i scileanna taighde, rannpháirtíocht sa taighde, agus i scileanna ar féidir iad a úsáid lasmuigh den saol acadúil. Tabharfaidh an tAcadamh Taighde Céimithe taighdeoirí luathghairme le chéile ó áiteanna ar fud na hOllscoile ar mhaithe le ceangal agus tacaíocht ghairmiúil agus shóisialta. Oibreoimid i gcomhpháirt le pobal na mac léinn taighde chun barr feabhais a chur ar a bhfoghlaim agus a dtaithí saoil a leathnú. Ceanglóimid ár mic léinn lenár alumni agus le comhpháirtithe eile chun deiseanna a chruthú dóibh lasmuigh den Ollscoil agus tar éis go mbaintear a gcáilíocht amach.

side-image

Bunóimid Acadamh Taighde Céimithe le pobal tacúil a sholáthar dár mic léinn agus dár dtaighdeoirí luathghairme.

Aitheantas taighde a fhorbairt

Tá an taighde faoina dtugaimid luachmhar, tá sláine ann agus ba cheart go mbeifíeolach air. Beimid ceanndána nuair atá rath ár gcuid taighde á chur in iúl agus á chur chun cinn againn.

Déanfaimid éachtaí taighde a chur chun cinn go hinmheánach agus go seachtrach araon trí chumarsáid bhreise, oiliúint chuí, trí rannpháirtíocht sheachtrach a mhéadú agus trí chlár gníomhaíochtaí um chur chun cinn taighde níos fairsinge a bhunú. Déanfaimid idirchaidrimh go straitéiseach le comhoibrithe taighde náisiúnta, Eorpacha, agus domhanda taighde agus cuirfimid le haitheantas ár gcuid taighde trí phríomhtháscairí ómóis taighde a úsáid.

Feabhas ár gcuid taighde a léiriú agus tionchar agus nuálaíocht a thaispeáint

Chun ár gcumas taighde a fheabhsú ní mór dúinn cur chuige struchtúrtha a ghlacadh. Bunóimid creataí chun tacú le feabhas taighde, tionchar agus nuálaíocht i bhformáidí éagsúla, agus chun iad a léiriú agus a mheas. Déanfaimid tagairt do thagarmharcanna náisiúnta agus idirnáisiúnta le feidhmíocht ár gcuid taighde a thuiscint agus infheistiú go straitéiseach inár rath amach anseo.

Éascóimid rannpháirtíocht sheachtrach le haghaidh tionchar fíordhomhanda trí chomhpháirtíochtaí comhthairbheacha a neartú le fiontraíocht, tionscal, rialtas agus an pobal. Oibreoimid le páirtithe leasmhara go náisiúnta chun tacú le tráchtálú agus le rannpháirtíocht idir fiontraíocht, earnáil na tionsclaíochta agus na hollscoileanna. Le cur lenár lorg coise idirnáisiúnta, glacfaimid páirt réamhghníomhach sa phróiseas ranguithe domhanda.

Ár sprioc: Go n-aithneofar sinn i ngeall ar fheabhas agus ar thionchar ár gcuid taighde.

Bainfimid é seo amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Infheistiú in eiseamláirí feabhais thaighde agus ár gcuid taighde a dhíriú go dtiocfaidh sé le tosaíochtaí náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta

Straitéis a chur i bhfeidhm leis an bhfoireann agus na mic léinn is fearr a shainaithint, a mhealladh, a fhorbairt agus a choimeád, agus Acadamh Taighde Céimithe a bhunú san áireamh

Straitéis a chur i bhfeidhm le gnóthachtáil taighde a chur chun cinn trí chomhoibriú agus comhpháirtíochtaí, Clár Comhoibrithe Idirnáisiúnta Céimiúil nua a bhunú san áireamh

Creataí a fhorbairt do thacaíocht taighde agus lena fheabhas agus a thionchar a léiriú, a mheas agus a fheabhsú

Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfaimid tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Ár bhfeidhmíocht i bpríomh-mhéadraigh agus i bpríomhthionchar taighde a mheasúnú

Borradh ar ár gcohórt mac léinn taighde agus tionchar ár gcuid mac léinn agus ár bhfoirneann i láithreacha náisiúnta agus idirnáisiúnta

Cáilíocht ár gcomhoibrithe agus ár gcomhpháirtíochtaí taighde agus an tionchar dearfach a imríonn siad ar an tsochaí

Cuid rialta d’athbhreithnithe bliantúla ar rannchuidiú foirne a dhéanamh de mheasúnú ar shármhaitheas taighde agus ar a thionchar dearfach sochaíoch

Mic Léinn agus Foghlaim

Is é an tionchar is mó atá againn ar an tsochaí ná meon cruthaitheach, fiosrach agus criticiúil a spreagadh agus a oiliúint.

Táimid anseo le freastal ar ár bpobal trí fhreagairt do riachtanais ár mac léinn agus na sochaí, agus trí chláir staidéir nuálacha a chruthú a fhreastalaíonn ar riachtanais na mac léinn agus a théann i ngleic le bealaí nua-aimseartha foghlama agus maireachtála. Cuirimid oideachas ar ár mic léinn i dtimpeallacht ionchuimsitheach inar féidir le gach duine maireachtáil faoi rath go pearsanta agus go hintleachtúil, ina bhfuil spás acu tuiscint a fháil orthu féin mar dhaoine, mar shaoránaigh ghníomhacha agus mar smaointeoirí neamhspleácha.

Neadóimid cultúr comhpháirtíochta le mic léinn a chothaíonn rannpháirtíocht, muintearas agus pobal.

side-image

Cruthaitheoirí agus cinnteoirí an-infhostaithe den chéad ghlúin eile iad ár gcéimithe. Saoránaigh iad atá páirteach i gcúrsaí domhanda agus atá eolach ar chúrsaí sóisialta agus atá ina smaointeoirí criticiúla, atá tiomanta do shochaí níos fearr agus do dhomhan níos inbhuanaithe.

Foghlaim agus taithí na mac léinn a fheabhsú

Neadóimid cultúr comhpháirtíochta le mic léinn a chothaíonn rannpháirtíocht, muintearas agus pobal, ag oibriú lenár mic léinn chun foghlaim na mac léinn, ár gcuraclam, ár gcampas agus eispéireas níos fairsinge do mhic léinn a fhorbairt.

Déanfaimid infheistíochtaí móra i dtimpeallacht ár gcampais le heispéireas na mac léinn a fheabhsú, seirbhísí tacaíochta do mhic léinn a chomhtháthú agus a fhairsingiú go fisiciúil agus go digiteach – ina measc ‘Ionad Ilfhreastail’ do mhic léinn a chruthú. Cuirfear raon cuimsitheach de thacaí réamhghníomhacha ardcháilíochta, cumasaithe ag an teicneolaíocht, ar fáil a chabhróidh leo a lánacmhainneacht acadúil, gairmiúil agus pearsanta a bhaint amach.

Aithnímid na riachtanais, atá casta agus ag teacht chun cinn, atá agus a bheidh ag ár mic léinn amach anseo. Forbrófar soláthar ár gcuraclaim agus ár gclár go mbeidh sé solúbtha agus freagrúil do na riachtanais seo. Cuirfimid leis an oideachas fairsing a chuirimid ar fáil, atá bunaithe ar thaighde, a dhéanann machnamh criticiúil agus a bhfuil clú orainn ina leith. Méadóimid na deiseanna le curaclam agus measúnú a chomhdhearadh le mic léinn agus comhpháirtithe seachtracha lena chinntiú go bhfreastalaímid ar riachtanais amach anseo. Tá súil againn go bhfeabhsóidh na hathruithe seo cumas na mac léinn, an rath a bheidh ar mhic léinn agus sásamh na mac léinn i gcaitheamh an phlean straitéisigh seo.

Cothóimid ár gcampas Ollscoile mar thimpeallacht éagsúil agus ionchuimsitheach ina bhfuil sé ar chumas na mac léinn an fíordhuine féin atá iontu a fhiosrú agus a léiriú. I gcás go leor dár mic léinn, tarlaíonn an fiosrú seo trí pháirt a ghlacadh i saol an champais. Leanfaimid le feabhas a chur ar eispéireas Ollscoile ár mac léinn trí oibriú go dlúth le hAontas na Mac Léinn, Maigh Nuad, trí thacú leis na clubanna agus na cumainn láidre agus ilchineálacha atá i Maigh Nuad, agus trínár n-áiseanna spóirt agus cultúrtha a fhorbairt.

side-image

Bunóimid Scoil Sláinte agus Leighis laistigh de thréimhse cúig go deich mbliana.

Leanfaimid ag oibriú go réamhghníomhach ar fud earnáil an ardoideachais agus le príomhpháirtithe leasmhara le cistiú poiblí agus samhlacha foirne inbhuanaithe a chinntiú chun tacú lenár dtiomantas oideachas den chéad scoth agus eispéaras Ollscoile a sholáthar dár mic léinn.

Dul i mbun foghlama ar feadh an tsaoil: oideachas atá bunaithe ar láidreachtaí agus atá dírithe ar an todhchaí

Tógfaimid ar inniúlachtaí agus tréithe pearsanta ár gcuid mac léinn trí shamhail oideachais atá bunaithe ar láidreachtaí ina gcuimsítear ár gcuraclam solúbtha, forbairt scileanna don todhchaí agus oideachas a chur ar dhaoine fiosracha agus neamhspleácha. Soláthraímid spás don fhoghlaim agus don bhorradh pearsanta. Foinse ionspioráide a bheidh sa spás seo d’fhiosracht intleachtúil, cruthaitheacht, inoiriúnaitheacht agus ionbhá ár gcuid mac léinn.

Infheisteoimid i dtodhchaí ár gcuid mac léinn trí dheiseanna foghlama ‘fíorshaoil’ agus cinn idirnáisiúnta a chuimsiú ina n-eispéireas foghlama. Bainfidh gach mac léinn fochéime in Ollscoil Mhá Nuad céim amach le litearthacht dhigiteach agus sonraí agus le cumais atá dírithe ar an todhchaí, a chuirfidh ar a gcumas déileáil le comhthéacsanna sochaíocha atá ag athrú go tapa. Déanfaimid roghanna curaclaim solúbtha agus curaclaim ó thaithí a fhairsingiú agus a neadú laistigh dár bportfóilió clár chun freastal ar riachtanais ár mac léinn atá ag athrú, riachtanais an lucht saothair agus chun cur ar chumas grúpaí éagsúla mac léinn teacht ar an oideachas.

Táimid tiomanta d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil a sholáthar ar mhaithe leis an tsochaí a thabhairt chun cinn. Is féidir leo siúd san ionad oibre teacht ar fhoghlaim sholúbtha chun athoiliúint agus breisoiliúint a fháil chun freastal ar éilimh na timpeallachta oibre atá ag athrú go tapa, nó dul i mbun réimsí spéise pearsanta. Díreoidh ár ndeiseanna foghlama solúbtha iarchéime ar shaincheisteanna sochaíocha atá ina n-ábhar mór spéise don fhiontraíocht, don tionscal agus don tsochaí níos fairsinge, idir laghdú carbóin agus claochlú digiteach agus rialachas sonraí.

Teagasc, foghlaim agus measúnú taighde-bhunaithe a fheabhsú

Soláthraítear ár n-oideachas i dtimpeallacht shaibhir teagaisc atá nuálach i dtaobh cúrsaí oideolaíocha agus atá bunaithe ar an taighde. Leanfaimid lenár mic léinn a threorú i dtaobh eolas nua a fháil agus smaointeoireacht chriticiúil, fiosracht agus cruthaitheacht a chothú trí leas a bhaint as na forbairtí teicneolaíochta, sochaíocha agus intleachtúla is déanaí ina réimsí léinn.

Baineann ríthábhacht le teacht a bheith ag mic léinn ar theagasc ardchaighdeáin le cuidiú teicneolaíochta dá n-eispéireas oideachais. Bainfidh na mic léinn go léir ag Ollscoil Mhá Nuad tairbhe as timpeallacht foghlama atá feabhsaithe ag uirlisí digiteacha, agus déanfar infheistíocht in anailísíocht foghlama chun tacú le straitéisí foghlama na mac léinn, chun mic léinn a threorú ar a n-aistir oideachais phearsanta agus choiteann, agus le heolas a chur ar fáil chun feabhas an teagaisc.

Leanfaimid le feabhas a chur ar eispéireas Ollscoile ár mac léinn trí oibriú go dlúth le hAontas na Mac Léinn, Maigh Nuad, trí thacú leis na clubanna agus na cumainn láidre agus ilchineálacha atá i Maigh Nuad, agus trínár n-áiseanna spóirt agus cultúrtha a fhorbairt.

side-image

Tabharfaimid tús áite d’athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnú agus ar aiseolas ollscoile le hionracas leanúnach na gcleachtas measúnaithe a chinntiú. Déanfaimid breithniú ar phrionsabail an Dearaidh Uilíoch don Fhoghlaim chun tacú le cur chuige ionchuimsitheach i leith teagaisc, foghlama agus measúnaithe. Ina theannta sin, cuirfimid le cleachtais reatha le meicníochtaí aiseolais inmheánaigh ar fud na hollscoile a fhorbairt do dhearbhú cáilíochta chun barr feabhais a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim, agus le hinfheictheacht an dea-chleachtais a mhéadú ar fud na hOllscoile.

Tacú leis an bhfoireann chun tacú le mic léinn

Tacóimid lenár bhfoireann dul i ngleic leis an timpeallacht foghlama atá ag athrú go tapa agus atá ag éirí níos éagsúla i gcónaí trí shraith sholúbtha deiseanna forbartha gairmiúla a sholáthar don fhoireann go léir. Cothóimid pobail chleachtais agus cultúr feabhsúcháin leanúnaigh agus beidh cáilíocht agus feabhas i gceartlár an mhéid a dhéanaimid. Lorgóimid aiseolas ó mhic léinn ar a n-eispéireas foghlama agus tacóimid leis an bhfoireann chun a gcleachtais teagaisc agus mheasúnaithe a choigeartú agus a fhorbairt. Tacóimid lenár bhfoireann a ngairmeacha beatha a fhorbairt bunaithe ar nuálaíocht agus ar shármhaitheas teagaisc agus bronnfaimid luaíocht ar ghlacadh le agus cruthú dea-chleachtais.

Cláir acadúla a fhás

Déanfaimid freastal ar ár réigiún atá ag fás trí oideachas sármhaith a sholáthar a chuireann réimse fairsing deiseanna mealltacha ar fáil d’fhágóirí scoile ó chúlraí éagsúla agus a dhéanann rogha agus forbairt phearsanta a shuíomh ina cheartlár.

Déanfaimid infheistiú i sraith chláir teagaisc ar ardchaighdeán, atá solúbtha agus faoi stiúir éilimh. I ndiaidh tréimhse inar tháinig borradh mear ar líon na mac léinn fochéime intíre, díreoimid anois ar bhorradh measartha a bhaint amach ar an gcohórt mac léinn fochéime intíre. Déanfaimid pobal ár gcampais a éagsúlú trí bhorradh mór agus inbhuanaithe ar mhic léinn iarchéime intíre agus idirnáisiúnta a bhaint amach, fás a bheidh ag teacht ó bhonn íseal. Déanfaimid infheistiú i gcláir oideachais taighde iarchéime a fhairsingiú chun tacú le borradh mór ar líon na mac léinn taighde, agus chun forbairt tras-scileanna agus bealaí fostaíochta i measc céimithe dochtúireachta ó dhisciplíní, earnálacha agus cúlraí éagsúla a chur chun cinn.

Scoil Sláinte agus Leighis a Bhunú

Tá portfóilió suntasach de thaighde eolaíochta a bhaineann leis an tsláinte, beartais phoiblí agus na heolaíochtaí sóisialta ag Ollscoil Mhá Nuad a bhfuil meas mór uirthi ach is í an t-aon ollscoil in Éirinn í nach bhfuil aon cheann de na príomhchúrsaí oideachais sa tsláinte inti. Mar gheall go bhfuil géarghá le gairmithe cúraim sláinte in Éirinn agus ar domhan, measaimid go bhfuil freagracht orainn ár gcuraclam a ailíniú chun tacú le forbairt agus nuálú an lucht saothair cúraim sláinte. Agus sinn ag cur lenár bhfeabhas taighde agus teagaisc a bhfuil bonn maith fúthu sna heolaíochtaí bitheolaíocha agus bithleighis, bunóimid Scoil Sláinte agus Leighis laistigh de thréimhse cúig go deich mbliana.

Mar láthair nua in oideachas sláinte agus leighis, is féidir linn curaclam nuálach, solúbtha atá réidh don todhchaí a sholáthar leis an bhfreastal is fearr a dhéanamh ar riachtanais na hearnála cúram sláinte agus athruithe suntasacha teicneolaíochta agus déimeagrafach ag titim amach. Soláthróimid oideachas trí réimse disciplíní, trí úsáid a bhaint as díriú ar shláinte phobail agus dhigiteach chun dul i ngleic leis na ganntanais scileanna náisiúnta agus domhanda i measc na ngairmeacha cúraim sláinte. Agus sinn ag glacadh le cur chuige nuálach agus comhoibritheach i leith oideachas sláinte, forbróimid samhlacha solúbtha oideachais, lena n-áirítear conairí ón earnáil bhreisoideachais, le foghlaim idirghairmiúil agus ionsamhlúchán leighis ag croílár an tseachadta. Agus sinn ag cur lenár gcláir rathúla chun tacú le héagsúlacht níos fearr sna gairmeacha, cuirfimid lenár dtionscnaimh le teacht níos fearr ar na gairmeacha sláinte a chumasú do ghrúpaí faoi ghannionadaíocht.

Ár sprioc: Cruthóimid timpeallacht foghlama dhinimiciúil, fhreagrúil agus ionchuimsitheach, i gcomhar lenár mic léinn, ina soláthraímid oideachas sármhaith agus claochlaitheach a chuireann ar chumas ár gcéimithe rannchuidiú a thabhairt a imríonn tionchar ar an tsochaí.

Bainfimid é seo amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Borradh suntasach a chumasú ar líon na mac léinn idirnáisiúnta, iarchéime teagaisc agus taighde trí chláir a sholáthar faoi stiúir éilimh

Oideachas solúbtha ar ardchaighdeáin a sholáthar, ina mbaineann gach mac léinn a gcáilíocht amach agus scileanna acu i sonraí agus litearthacht dhigiteach atá dírithe ar an todhchaí

Seirbhísí tacaíochta do mhic léinn ar ardchaighdeán a chomhtháthú le cuidiú teicneolaíochta agus i gcomhpháirtíocht le mic léinn, ‘Ionad Ilfhreastail’ san áireamh do thacaíochtaí atá dírithe ar mhic léinn

Athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais mheasúnaithe chun ionracas, cáilíocht agus uileghabhálacht na gcleachtas measúnaithe a chinntiú i ndomhan digiteach, agus chun barr feabhais a chur ar mheicníochtaí aiseolais ar mhaithe le barrfheabhsú cáilíochta ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim

Scoil Sláinte agus Leighis a bhunú a bhfuil curaclam agus soláthar nuálach aici atá dírithe ar an bpobal agus ar shláinte dhigiteach, agus ar an bhfoghlaim idirghairmiúil, chun freastal ar riachtanais chúraim sláinte ár bpobail amach anseo

Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfaimid trí na rudaí seo a leanas:

An borradh ar líon na mac léinn agus ar shonraí faoi infhostaitheacht céimithe

Ráta feabhsaithe sásaimh i measc na mac léinn, scileanna dírithe ar an todhchái a bheith snite isteach sna torthaí foghlama, agus foghlaim atá éascaithe ag uirlisí digiteacha a bheith leabaithe

Táscairí ratha a bhaineann le tacaíochtaí a sholáthraítear trí ‘an tIonad Ilfhreastail’

Prionsabail mheasúnaithe agus córas aiseolais do mhic léinn a leabú ar fud na hOllscoile chun cur le cáilíocht an teagaisc agus na foghlama

Disciplíní sláinte agus folláine a thabhairt isteach go rathúil sa churaclam

Idirnáisiúnú

Teastaíonn comhoibriú domhanda agus oscailteacht do pheirspictíochtaí nua chun dul i ngleic le dúshláin an lae inniu. Fiosraítear agus roinntear eolas trasna teorainneacha, agus is cineál oideachais ann féin é nuair a nochtar sinn do chultúir agus do smaointe eile. Buntacaíonn idirnáisiúnú inniu, níos mó ná mar a rinne sé riamh, le hiomaíochas domhanda na hollscoile.

side-image

Déanfaimid pobal na mac léinn agus ár gcampas a idirnáisiúnú, cuirfimid le líon agus éagsúlacht ár gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha, agus éascóimid deiseanna idirnáisiúnta do chách.

Cuirfimid leis na deiseanna atá ar fáil do gach mac léinn agus dár bhfoireann chun smaoineamh agus páirt a ghlacadh go domhanda, a léiríonn ár dtiomantas d’oideachas agus taighde den chéad scoth atá eolach ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta. Déanfaimid pobal na mac léinn agus ár gcampas a idirnáisiúnú, cuirfimid le líon agus éagsúlacht ár gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha, agus éascóimid deiseanna idirnáisiúnta do chách.

Rannpháirtíocht agus soghluaisteacht idirnáisiúnta a chumasú

Cuireann rannpháirtíocht agus soghluaisteacht idirnáisiúnta le tionchar ár gcuid taighde, feabhsaíonn siad an cháil atá ar an Ollscoil, agus leathnaíonn siad eispéiris saoil agus ionchais ghairm bheatha na mac léinn agus na foirne araon.

Fréamhóimid deiseanna idirnáisiúnta oideachais do gach duine laistigh dár gcuraclam agus dár dtairiscintí oideachais, le béim ar leith ar mhic léinn ar deacair orthu teacht ar thaithí idirnáisiúnta.

Tacóimid le deiseanna níos fearr do shoghluaisteacht isteach agus amach, don fhoireann agus do mhic léinn araon, trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, deiseanna cistithe, agus cur chuige níos giorra agus níos lúfaire i leith malartú, foghlama agus taistil a ghiaráil. Táimid airdeallach ar ár lorg carbóin cruthaithe ag taisteal domhanda agus déanfaimid iarracht a thionchar ar ár bpláinéad a mhaolú.

Bunóimid Clár Comhoibrithe Idirnáisiúnta Céimiúil nua do scoláirí cuairte, a chuirfidh ar ár gcumas dul i mbun go réamhghníomhach agus go straitéiseach le taighdeoirí ar thús cadhnaíochta ó gach cearn den domhan agus tógfaimid comhpháirtíochtaí taighde fadtéarmacha a chuirfidh ar ár gcumas dul i ngleic leis na dúshláin mhóra iomadúla atá roimh ár ndomhan. Saibhreoimid ár dtimpeallacht taighde agus ár gclú domhanda trí fhorbairt straitéiseach a dhéanamh mar ollscoil a bhfuil nascanna aici ar fud an domhain.

Príomh-chomhpháirtíochtaí straitéiseacha idirnáisiúnta a bhunú

Tá páirt lárnach ag comhpháirtíocht maidir lenár gcuspóirí idirnáisiúnaithe a mhéadú agus a bhaint amach araon. Déanfaimid ailíniú le réimse éagsúil comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil na haidhmeanna céanna acu is atá againn i dtaobh tabhairt faoi dhúshláin shochaíocha, gheilleagracha agus chomhshaoil.

Neartóimid líonraí comhpháirtíochta straitéisí ar fud na hollscoile le feabhas a chur ar ár gcáil idirnáisiúnta agus le deiseanna taighde, foghlama agus teagaisc, deiseanna soghluaisteachta, agus deiseanna earcaíochta mic léinn idirnáisiúnta a shaothrú. Cruthóimid bealaí nua le tacú le teacht a bheith ag mic léinn idirnáisiúnta ar Mhaigh Nuad, comhaontuithe agus comhpháirtíochtaí urlabhraíochta le hinstitiúidí domhanda san áireamh.

Cuirfimid leis na deiseanna atá ar fáil don fhoireann agus dár gcuid mac léinn dul i ngleic le ceisteanna le cur chuige domhanda.

side-image

Ár bpobal mac léinn idirnáisiúnta a fhás agus a fhorbairt

Cuirimid fáilte chroíúil agus eispéireas oideachais den scoth ar fáil dár mic léinn idirnáisiúnta a shaibhríonn ár dtimpeallacht champais agus eispéireas foghlama ár gcuid mac léinn go léir. Tabharfaimid faoi straitéis spriocdhírithe le mic léinn idirnáisiúnta a earcú atá dírithe ar phríomh-mhargaí agus bunaithe ar chur chuige mac léinn-lárnach a chinntíonn go mbeidh eispéireas tacúil agus taitneamhach ag mic léinn. Bainfear seo amach tríd an bportfóilió cúrsaí a athbhreithniú ó pheirspictíocht idirnáisiúnta agus trí shraith clár atá ar aon dul le héileamh a fhorbairt.

Cur chuige comhtháite i leith idirnáisiúnú a chumasú

Éilíonn idirnáisiúnú rathúil ar ár gcampas go gcuirimid cúrsaí domhanda san áireamh sa speictream iomlán gníomhaíochta oideachais agus taighde ar ár gcampas. Ar an ábhar sin, forbróimid cur chuige comhtháite ar fud na hollscoile i leith ár n-oibre idirnáisiúnaithe le tionscnaimh ina leabaítear idirnáisiúnú ar fud ár gcampais.

Déanfaimid athbhreithniú ar ár struchtúir, coistí, soláthar acmhainní agus beartais Ollscoile chun tacú lenár straitéis idirnáisiúnaithe. Cruthóimid struchtúir i ngach dámh, agus sinn ag cur le hobair lárnach ranna acadúla a dhéanann an tsoghluaisteacht a chur chun cinn agus a thacaíonn léi, le peirspictíocht idirnáisiúnta a leabú inár ngníomhaíochtaí, agus deiseanna a shainaithint, a thabhairt chun cinn agus a chomhordú. Cuirfimid an Oifig Idirnáisiúnta in oiriúint go mbeidh sí ina stiúrthóireacht seirbhíse iomláine a chuireann luach le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta ar fud na hOllscoile.

Ár Sprioc: Déanfaimid pobal na mac léinn agus ár gcampas a idirnáisiúnú, cuirfimid le fairsinge agus éagsúlacht ár gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha, agus éascóimid deiseanna idirnáisiúnta do chách, chun tacú le cuspóirí na hOllscoile.

Bainfimid é seo amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Príomhchomhpháirtíochtaí agus príomhlíonraí idirnáisiúnta straitéiseacha a bhunú

Deiseanna straitéiseacha do shoghluaisteacht agus rannpháirtíocht mac léinn agus foirne a fhairsingiú

Cur chuige comhtháite i leith an idirnáisiúnú a fhorbairt ar fud na hollscoile

Pobal na mac léinn idirnáisiúnta atá againn a fhás agus a fhorbairt go suntasach

Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfaimid trí na rudaí seo a leanas:

Líon agus tionchar na foirne agus na mac léinn a dhéanann idirchaidreamh le comhpháirtithe straitéiseacha a rianú

Rath agus tionchar deiseanna domhanda agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha nua agus éagsúla

An rath a bheidh ar ghníomhaíochtaí agus struchtúir idirnáisiúnta a leabú ar fud na hOllscoile

Borradh ar líon na mac léinn idirnáisiúnta agus ar shásamh na mac léinn

Rannpháirtíocht agus Comhpháirtíochtaí

Sainaithníonn Ollscoil Mhá Nuad í féin mar áit ina mbaintear torthaí níos fearr amach do chách trí fhíorcheangail a dhéanamh leis an tsochaí. Teastaíonn fócas agus comhordú leis an láidreacht stairiúil seo a chothú, a fhás agus a ghiaráil. Thar aon ní eile, teastaíonn comhpháirtíocht.

side-image

Cuirfimid lenár dtiomantas seanbhunaithe do thaighde agus lenár bhfeidhmíocht i dtaighde, agus comhoibreoimid go dlúth lenár gcomhpháirtithe seanbhunaithe le taighde a chur chun cinn a thugann aghaidh ar dhúshláin shochaíocha agus a imríonn tionchair dhearfacha láithreach bonn agus san fhadtéarma dár gcomhpháirtithe agus don tsochaí i gcoitinne.

Rachaidh an Ollscoil i mbun roinnt beart le feabhas a chur ar a cumas tabhairt faoi chomhpháirtíochtaí comhthairbhiúla leis an rialtas, le fiontair, le tionscail, leis an bpobal, le heagraíochtaí spóirt agus cultúrtha, le halumni agus leis an bpobal i gcoitinne, chun caidrimh chomhthairbhiúla a fhorbairt agus lenár gcomhthionchar dearfach ar an tsochaí a mhéadú.

Comhpháirtíochtaí bríocha a chumasú

Cuirfimid lenár dtiomantas seanbhunaithe do thaighde agus lenár bhfeidhmíocht i dtaighde, agus comhoibreoimid go dlúth lenár gcomhpháirtithe seanbhunaithe le taighde a chur chun cinn a thugann aghaidh ar dhúshláin shochaíocha agus a imríonn tionchair dhearfacha láithreach bonn agus san fhadtéarma dár gcomhpháirtithe agus don tsochaí i gcoitinne. Déanfaimid forbairt bhreise ar ár gceangail le hearnáil na tionsclaíochta agus le comhpháirtithe cathartha chun feabhas a chur ar ár gcuraclam agus chun deiseanna feabhsaithe gairme a sholáthar dár mic léinn. Agus tábhacht na gcomhpháirtíochtaí seo maidir lenár saothar acadúil, na comhthairbhí a chuireann siad ar fáil, agus ár bhfreagrachtaí níos fairsinge mar ollscoil chathartha á n-aithint, infheisteoimid i struchtúir nua agus reatha a chumasaíonn agus a thacaíonn le hidirchaidreamh le hearnálacha agus le comhpháirtithe éagsúla.

Cruthóimid Oifififig Comhpháirtíochta a éascaíonn píblíne idirchaidrimh dhá bhealach idir an Ollscoil agus na páirtithe leasmhara seachtracha iomadúla atá aici. Feidhmeoidh an oifififig seo mar ‘an Doras Tosaigh’ isteach san Ollscoil do chuideachtaí, eagraíochtaí pobail, comhlachtaí déanta beartas agus an pobal i gcoitinne a lorgaíonn deiseanna rannpháirtíochta le hOllscoil Mhá Nuad. Soláthróidh an Oifififig Comhpháirtíochta tacaíocht struchtúrach agus oibríochtúil do chomhghleacaithe atá ag iarraidh comhpháirtithe a shainaithint dá ngníomhaíochtaí taighde agus acadúla, agus le deiseanna a sholáthar dá mic léinn. Cruthóimid creat le haghaidh rannpháirtíocht éifeachtach le leibhéil shrathacha chomhpháirtíochta agus tacaíochtaí gaolmhara óna n-eascraíonn sochair inbhraite dár gcomhpháirtithe, don tsochaí agus don Ollscoil. Déanfaidh an Oifififig Comhpháirtíochta gníomhaíocht rannpháirtíochta na hOllscoile a chomhordú agus a rianú agus tiomsóidh siad sonraí a chuireann ár gclú i leith tionchar sochaíoch dearfach chun cinn, a chuirtear in iúl trí Thuarascáil Tionchair Ollscoil Mhá Nuad.

Ár scéal á insint againn

Teastóidh iarracht uile-ollscoile leis an aitheantas náisiúnta agus domhanda ar Ollscoil Mhá Nuad a mhéadú, ach céim thábhachtach luath is ea feabhas a chur ar an bhfeasacht inmheánach ar éachtaí agus ar ghníomhaíochtaí ár gcomhghleacaithe agus ár mac léinn. Glacann gach ball foirne agus gach mac léinn páirt lárnach inár n-iarrachtaí ár rath a chur in iúl. Chuige sin, feabhsóimid ár gcumarsáid inmheánach, cruthú uirlisí cumarsáide san áireamh, a chumasaíonn éachtaí agus eolas ríthábhachtach eile a roinnt leis an bhfoireann mar chuid de phlean cumarsáide inmheánaí cuimsithí.

Feabhsóimid ár gcumas cumarsáide seachtraí freisin, le béim ar leith ar spriocluchtanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach. Forbróimid cumas, trí sheirbhísí agus oiliúint mhéadaithe tacaíochta do chomhghleacaithe, ranna agus institiúidí taighde, do ghníomhaíocht agus do chumarsáid i dtaobh rannpháirtíocht an phobail, agus cuirfimid tús le sraith gníomhaíochtaí forbartha branda i gcomhthráth atá dírithe ar ár bpríomhspriocanna straitéiseacha.

Díreoimid ar cheangail a chruthú idir ár gcéimithe agus ár mic léinn reatha le deiseanna níos fearr a sholáthar d’ullmhacht do ghairm bheatha agus chun teacht ar dheiseanna i ndiaidh dóibh a gcéim a bhaint amach.

side-image

Ár gceangal lenár gcuid alumni a shaibhriú

Tacadóirí paiseanta le hOllscoil Mhá Nuad atá sa líon breis agus 100,000 alumnus timpeall an domhain agus tá uaillmhian iontach acu dár dtodhchaí. Cuimsíonn siad nádúr bunathraithe oideachas Mhaigh Nuad agus léiríonn siad toilteanas chun cabhrú le mic léinn an lae inniu leanúint ar aghaidh faoi rath tar éis a gcéim a bhaint amach.

D’fhonn caidreamh a chothú agus a fhorbairt lenár gcéimithe, cruthóimid féilire forleathan idirchaidrimh le alumni a neartaíonn ceangail idir alumni agus an Ollscoil, agus i measc na gcéimithe féin, a mhaireann lasmuigh den champas agus a sháraíonn cúrsaí ama. Mar phríomh-chomhpháirtithe i mbaint amach ár spriocanna straitéiseacha agus sa rath a bheidh orainn amach anseo, díreoimid ar cheangail a chruthú idir ár gcéimithe agus ár mic léinn reatha le deiseanna níos fearr a sholáthar d’ullmhacht do ghairm bheatha agus chun teacht ar dheiseanna i ndiaidh dóibh a gcéim a bhaint amach.

Comhpháirtíochtaí daonchairdiúla a fhorbairt

Tacóimid le agus fairsingeoimid ár gcumas cistí daonchairdiúla a thiomsú le tionchair dhearfacha a chruthú dár mic léinn, dár nOllscoil agus don tsochaí i gcoitinne. Mar phríomhchumasóir maidir le soláthar ár straitéise, cruthóimid feidhm forbartha ollscoile a shainaithníonn agus a dhéanann idirchaidreamh le réimse comhpháirtithe aonair agus corparáideacha le tacaíocht dhaonchairdiúil a mhéadú, agus a éascaíonn comhghleacaithe ar fud na hOllscoile ina n-idirchaidreamh le hurraitheoirí agus deontóirí seachtracha.

Ár n-éachtaí a thaispeáint trí rannpháirtíocht agus imeachtaí

Glacfaimid le cur chuige misniúil i leith feasacht a mhúscailt ar an rannchuidiú as cuimse a thugann ár nOllscoil dár réigiún áitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cruthóimid creat tacaíochtaí agus caighdeán a chuireann ar ár gcumas ár láidreachtaí a thaispeáint, ár gcaidreamh a fhairsingiú le páirtithe leasmhara seachtracha, agus úsáid níos fearr a bhaint as ár gcampas chun tabhairt faoi imeachtaí ealaíon agus cultúrtha, spórt agus aclaíocht, agus fiosrú eolaíochta agus díospóireacht intleachtúil ann, agus mar chomhpháirtí le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair shóisialta.

Bunóimid feidhm imeachtaí a dhéanann stiúradh ar phleanáil, ar chomhordú agus ar sholáthar imeachtaí ardchaighdeáin ollscoile a uasmhéadaíonn an fhéidearthacht chun tionchar dearfach a imirt. Léireoidh na himeachtaí seo scoth na hOllscoile, agus éascóidh an fheidhm seo mórchruinnithe agus cuairteanna móra ar an ollscoil ó pháirtithe leasmhara seachtracha.

Ár Sprioc: Déanfaimid comhpháirtíochtaí comhthairbhiúla a fhás agus a ghiaráil chun tacú lenár gcuspóirí straitéiseacha.

Bainfimid é seo amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Oifig Comhpháirtíochta a bhunú le hidirchaidreamh bríoch agus straitéiseach le hearnáil na tionsclaíochta, le fiontair agus leis an tsochaí chathartha a chumasú

Cur lenár gcáil náisiúnta agus idirnáisiúnta trí straitéisí comhordaithe agus comhtháite cumarsáide inmheánaí agus seachtraí

Ár gceangal agus ár n-idirchaidreamh le alumni a fhorbairt

Ár gcaidreamh le comhpháirtithe daonchairdiúla a fhorbairt lenár gcuspóirí straitéiseacha a bhaint amach

Soláthar imeachtaí straitéiseacha ardchaighdeáin chun feabhas cháil na hOllscoile a chumasú, agus feidhm bhainistíochta imeachtaí a bhunú

Déanfaimid monatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfaimid trí na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

Líon agus tionchar comhpháirtíochtaí straitéiseacha rathúla a chumasaíonn an Oifig Comhpháirtíochta a chur i dtaifead

Príomh-mhéadraigh a mheasúnaíonn clú agus rath na hollscoile i dtaobh straitéisí cumarsáide inmheánaí agus seachtraí

An líon alumni a dhéanann idirchaidreamh leis an Ollscoil

Líon agus scóip comhoibrithe comhthairbhiúla le comhpháirtithe daonchairdiúla

Tionchar dearfach ar cháil na hOllscoile trínár n-imeachtaí ardphróifíle